Home ⋅ Published Books ⋅ Mafalda don aos óg

Mafalda don aos óg

By: Authors Various
Publisher: Gliadar
Published: November 2026
Pages: 216
Categories: Childrens, Young Adult/Teen
Language: Irish
Available as: Paperback
On sale at:
ISBN-13: 9781738518555
ASIN: 1738518558

Tá ríméad ar Ghliadar an ghirseach cháiliúil Mafalda a chur in aithne do lucht léitheoireachta na Gaeilge.
Ní caochóg ar cóisir í Mafalda. Is girseach í a thuigeann an saol agus nach gcuireann fiacail ann. Chruthaigh an cartúnaí Quino san Airgintín sa bhliain 1964 í. Bíodh is gur girseach sé bliana d’aois í, tá clú agus cáil uirthi ar fud an domhain de bharr cé chomh greannmhar is atá sí. Ní haon dóithín í agus is maith atá sí in ann fonóid a dhéanamh faoin tsochaí, faoin pholaitíocht agus faoi sheafóid i gcoitinne. Ní miste le Mafalda ceisteanna cliste a fhiafraí agus is dual di bheith ionraic gan scáth gan eagla.

Tá clú agus cáil ar Mhafalda sna tíortha ina labhraítear an Spáinnis. Anois, tá sí agus a cuid cairde ann do léitheoirí nua in Éirinn. Seo eagrán faoi leith atá curtha in oiriúint do leanaí 7 mbliana d'aois is níos sine. Tá breis agus 200 leathanach de stiallacha greannmhara ina ndéanann Mafalda fonóid faoina tuismitheoirí, a cuid cairde, polaiteoirí agus an saol i gcoitinne.

Mafalda don Aos Óg is an Irish translation of the world-famous Argentine comic book Mafalda, published especially for younger readers.

Other Books From this Category

View More From This Category

Other Books From this Author

View More From This Author