An Fharraige agus a Gúnaí
| By: | Ceaití Ní Bheildiúin |
| Publisher: | Eabhloid |
| Published: | October 2026 |
| Pages: | 136 |
| Categories: | Literature, Poetry |
| Language: | Irish |
| Available as: | Paperback |
| On sale at: |
Is í an fharraige ina huile ghné mhaiseach croílár an chnuasaigh úir seo ón bhfile Ceaití Ní Bheildiúin. Is bailiúchán é seo ina dtumaimid go domhain i miotas agus i stair na mara agus ina seoltar sinn ar chamchuairt ar chóstaí na tíre. Tomhaiseann an file doimhneacht na n-uiscí agus léiríonn sí maorgacht na mara; déanann sí ceiliúradh ar a huilíocht, a huileláithreacht, a diagacht, a fearg agus a séimhe. Mothaíonn muid a mhéid a bhraithimid uirthi, an mhuinín a chuireann muid inti, an mháistreacht atá aici orainn agus mar a chaithfear géilleadh di i gcónaí. Caitear sna tonnta muid go mblaiseann muid an sáile agus go líonann boladh na mara ár bpollairí, agus, tar éis na heachtraí mara, fágtar umhal muid os comhair a huaisleachta agus a niamhrachta, ar thalamh slán.