HomeAuthorsClaire M. Dunne

Claire M. Dunne

Is í Claire an Ceann Roinne ar Roinn an Bhéarla agus Roinn na Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino ó 2022. Is léachtóir le Gaeilge agus aistritheoir í san institiúid chéanna le 16 bliana anuas. Roimhe seo, chaith sí seal ag múineadh sa chóras gaelscolaíochta agus ag obair mar aistritheoir don chomhlacht Sanas. Thug Foras na Gaeilge creidiúnú mar aistritheoir cáilithe sa bhliain 2008. Tá MA aici sa Staidéar Idirchultúrachais agus dochtúireacht aici sa Teangeolaíocht Fheidhmeach. Ón mbliain 2011 - 2014 bhí sí ina heagarthóir Gaeilge don irisleabhar Inis agus ó 2015 ar aghaidh, bhí sí ina heagarthóir Gaeilge do threoirleabhar bliantúil Leabhair Pháistí Éireann Rogha Leabhar mar aon le liostaí léitheoireachta de réir téamaí.Chaith sí bliain ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Notre Dame ar scoláireacht Fulbright. Sa bhliain 2015, d’fheidhmigh sí mar chomheagarthóir ar an tríú cnuasach aistí ar litríocht Ghaeilge na n-óg Thar an Tairseach, agus mar eagarthóir Gaeilge ar an gCnuasach Náisiúnta Leabhar do Pháistí. Sa bhliain 2017, rinne sí tionscadal taighde maidir le roghanna agus cleachtais léitheoireachta an aosa óig, taighde arna maoiniú ag an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta. Ba bhreitheamh í do Ghradaim Náisiúnta Leabhar na bPáistí ó 2017-2020 agus scríobh sí go leor na pacáistí áiseanna a bhaineann le leabhair Ghaeilge ar an ngearrliosta. Tá idir ailt taighde, ailt irisí agus áiseanna foghlama scríofa aici maidir le teagasc, litearthacht, léitheoireacht, agus litríocht na Gaeilge. Ó 2022-2023 bhí sí ina hUachtarán ar an Literacy Association of Ireland.

Books by this author Sort By: