ISBN-13:
9781910945650

Tá bís orainn an clúdach seo a nochtadh daoibh! Is é AN GARBHÁN ÓG an ceathrú leabhar atá le foilsiú againn ón mbeirt mór-réaltaí i saol na bpictiúrleabhar, Julia Donaldson agus Axel Scheffler. Aistrithe ag Tadhg Mac Dhonnagaín, foilseofar An Garbhán Óg i mí na Samhna. Sé Gabriel Rosenstock a d’aistrigh An Garbhán, an chéad leabhar sa tsraith a d’fhoilsigh An Gúm. Tagann An Garbhán Óg sna sála ar an scéal sin. Tá muid cinnte go dtaitneoidh sé libh, is breá le daoine na scéalta véarsaíochta seo atá aistrithe go forleathan ar fud na cruinne. Ar ndóigh, tháinig Julia agus Axel le chéile arís le linn na géarchéime chun teachtaireacht óna gcuid gcarachtar a roinnt le páistí an domhain mhóir. Tá rímead orainn leagan Gaeilge dóibh siúd a chur ar fáil. Tá siad le híoslódáil saor in aisce ónar suíomh. Agus tá muid fíorhsásta go bhfuil an Garbhán agus a gharbhán óg sona sábháilte ina bpluais, gurb é Seoirse an fathach is glaine sa tír (mar go níonn sé a lámha go minic i rith an lae) agus go bhfuil aire na huibhe á tabhairt don tseanbhean ‘s í ag fanacht go slán sábháilte istigh ina teach.


There are no reviews for this book yet.

Be the first to write one.

Reviews

(B) 5-7 years; (3) Fiction; (M) Picture Book; (6) Character; (8) TV / Film Tie-in; CHILD: Picture Bo