HomePublished BooksScéal ó Carolina

Scéal ó Carolina

By: Áine Uí Fhoghlú
Publisher: Eabhloid
Published: February 2026
Pages: 112
Categories: Literature, Poetry
Language: English, Irish, Spanish; Castilian
Available as: Paperback
On sale at:
ISBN-13: 9781914482298

Cnuasach trítheangach é an leabhar seo, a chomórann an ceangal neamhchoitianta atá ag an bhfile Gaeltachta seo leis an Airgintín. Rugadh Áine Uí Fhoghlú (Nic Mhurchadha) in Ambasáid na hAirgintíne i Londain mar a raibh a hathair ag obair agus a teaghlach ar lóistín ag an am. Ba bhaill foirne taidhleoireachta na hAirgintíne sa Bhreatain iad a tuismitheoirí baistí nach raibh aon aithne aici orthu agus í ag fás suas. Ach choimeád a hathair an ceangal beo ina hintinn le linn a hóige le scéalta faoin Airgintín, nó gur chinn sí an teagmháil a athnuachaint. Tar éis na mblianta fada gan toradh ar a cuardach, lá amháin agus í ina seomra ranga ag múineadh rang Gaeilge, tháinig ríomh-phost, scéal ó Carolina, iníon a hathar baistí. Mar sin a athbhunaíodh an nasc agus níorbh fhada gur thug sí turas ar Buenos Aires chun aithne a chur orthu siúd a thug chun na haltóra ina mbaclainn í blianta roimhe sin, lá a baiste. Comórann an cnuasach filíochta seo an turas sin, agus sa 22 dán atá le fáil i nGaeilge, Béarla agus Spáinnis, tá cur síos dialainne ar na heachtraí, na mothúcháin agus an draíocht uathúil a bhain leis an turas úd. Taitneoidh an cnuasach go mór leo siúd ar deas leo scéalta neamhchoitianta, daonna nó scéalta taistil.

Other Books From this Category

View More From This Category